Ainm: | John Pheadair Sheáin Mac an Bhaird | |
Áit Chónaithe: | Loch Fhia, Taobh an Locha |
Áit Dúchais: | Loch Fhia, Taobh an Locha |
Catagóir: | Stairsheanchas |
Fochatagóir: | Stair an Teaghlaigh |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Stair an Teaghlaigh: Téann John chun gcúil sé ghlúin daoine ar chlann Mhic A’Bháird. Bhí cónaí orthu i gceantar iargúlta ar a dtugtar Mín na mBroc. Ní raibh ann ach cosán coise isteach a fhad leis na tithe. Scaip siad thart agus thóg a athair mór teach in Mín na Líonachan cúpla míle ó Mhín na mBroc. Ceantar garbh cnoc eile é agus ba ansin a tógadh John. Bhí 15 teach ann ar dtús agus fuair an fear deireanach bás in 2003. Bhí 9 dteaghlach ann ag éirí aníos do John. | 00:06:29 | |